Bád farantóireachta Árainn Mhór

Bád farantóireachta Árainn Mhór: Seirbhís Cairr agus Paisinéara


Translate to English +353-87-3171810
info.fastferry@gmail.com
Menu

Fágfaidh an chéad bhád eile Árainn Mhór ag:

Fágfaidh an chéad bhád eile Ailt an Chorráin ag:

Bád Farantóireachta Gorm Árainn Mhór

Is gnó teaghlaigh é comhlacht Farantóireachta Réalt na Maidne Teo. Tá sé lonnaithe ar Oileán Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall. Tá Clann Uí Bhaoill ag iompar paisinéirí go hÁrainn Mhór le breis is cead bliain anuas.

Cuireann muid seirbhís cairr agus paisinéara ar fáil idir Oileán Árainn Mhór agus Ailt an Chorráin. Cuirtear roinnt turais ar fáil i rith an lae. Nuasonraitear na hamchláir láithreach ar an suíomh seo agus ar an aip shoghluaiste. Tá bealach isteach do chathaoir rotha ar gach bád. Sula gcuirtear turas in áirithe, léigh tríd ár dtreoirlínte taistil.

** Moltar do phaisinéirí a bhfuil mallachar gluaiseachta orthu, a bhfeithicil a chur in áirithe roimh ré ionas gur féidir linn an spás páirceála sainithe a thabhairt dóibh. Sa bhealach seo bheidís in ann na háiseanna ar bord a úsáid go héasca.


Oileán Árainn Mhór

Is oileán idileach é Árainn Mhór atá suite amach ó chósta Chontae Dhún na nGall. Tá cáil ar na haillte iontacha ar fud an domhain. Aillte a chuireann radharcanna áille den mhuir Atlantach , de na tránna ghainimh órga agus na duirling bhána ar fáil. Bíonn ceoil traidisiúnta ar siúl sna tithe tabhairne go rialta. Tá rud éigin ar fáil do gach duine ar Árainn Mhór.


Slí an Atlantaigh Fhiáin

Arran roads, one of the many routes along the Wild Atlantic Way as seen from the Arranmore Ferry service during a sunset.

Tá Árainn mhór suite ar shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus is fiú go mór turas go dtí an oileán. Le linn an turais ó Ailt an Chorráin go hÁrainn Mhór, turas a mhaireann 15-20 nóiméad, is féidir súl a leagadh ar réimse leathan fiadhúlra. Má tá an t-ádh ort, thiocfadh leat spléachadh a fháil ar ár gcairde a thagann ar cuairt go minic, na deilfeanna bholgshrónach. Féach ar ár bhfíseán de na deilf anseo.

Is gné de shuíomh gréasáin Slí an Atlantaigh Fhiáin é seirbhís Bád Farantóireachta gasta Árainn Mhór.

Rudaí le déanamh

Tá neart gníomhaíochtaí agus imeachtaí ar fáil ar Árainn Mhór ó cheann ceann na bliana; cnocadóireacht agus fánaíocht, tumadóireacht, comórtais peile, éan bhreathnú, surfáil, tuairt liathróidí agus saighdeoireacht ina measc. Is féidir eolas a fháil ag an ionad phobail CFFAM.

Má tá turas a eagrú agat go hÁrainn Mhór, smaoinigh faoi fanacht thar oíche sa lóistín féin fhreastal ag Baile Saoire Árainn Mhór.

Aip Shoghluaiste Android agus iOS

Tá lúcháir orainn ár aip shoghluaiste a chur os bhur gcomhair- tá sé ar fáil anois ar iOS, Android agus ar Fire OS. Cuardaigh ‘Arranmore Ferry’ ar shiopa Apple, Google Play nó Amazon agus íoslódáil an aip ar do ghuthán anois!

Faigh na hamchláir is deanaí seolta díreach chuig do ghuthán anois.

Tuilleadh Eolais

The Arranmore Ferry App, available on iOS Apple store for iPads and iPhones and on Android on Google Play for all Android devices, including Amazon FireOS
The iOS and Apple store badge for the Arranmore Ferry App The Google Play Badge for the Arranmore Ferry Android app. The Amazon Android App store badge for the Arranmore Ferry App