Bád farantóireachta Árainn Mhór

Bád farantóireachta Árainn Mhór: Seirbhís Cairr agus Paisinéara


Translate to Gaeilge +353-87-3171810
info.fastferry@gmail.com
Menu

Faoi Bhád Farantóireachta Árainn Mhór

Is gnó teaghlaigh é Réalt na Maidne Teoranta, agus tá sé lonnaithe ar Oileán Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall. Tá Clann Uí Bhaoill ag iompar paisinéirí go hÁrainn le breis is cead bliain anuas.

Is é bád farantóireachta Árainn Mhór an t-aon seirbhís farantóireachta atá lonnaithe ar Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, agus atá faoi stiúir oileánach.

Tá liosta iomlán d’ár bpraghsanna ar fáil thíos. Má chuireann tú ticéad in áirithe ar line gheobhaidh tú lacáiste 10%. Is féidir glaoch a chur orainn ar an uimhir thuas chomh maith.

Nuair atá tú ag taistil ar Bhád Farantóireachta Árainn Mhór, clóigh leis na treoirlínte atá liostaithe thíos chun turas trasna slán a bhaint amach.

Ár dtreoirlínte Ár bpraghsanna

About Arranmore IslandOileán Árainn Mhór

Is cosúil gurbh é Árainn Mhór ceann de na hoileán Ghaeltachta is insroichte. Tá sé chéad duine ina gcónaí ar Árainn Mhór. Is féidir ceantar na Rosa a fheiceáil ó bharr an oileáin leis na hoileáin áitiúla agus sléibhte Thír Chonaill mar chúlra. Tabhair cuairt ar thrá Athphoirt nó Trá na Léibe Gairbhe, áit gur féidir leat éalú ó gach rud, leis an mórthír ach cúig nóiméad déag uait.

Tá Árainn mhór suite ar shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus is fiú go mór turas go dtí an oileán. Le linn an turais ó Ailt an Chorráin go hÁrainn Mhór, turas a mhaireann 15-20 nóiméad, is féidir súl a leagadh ar réimse leathan fiadhúlra. Má tá an t-ádh ort, thiocfadh leat spléachadh a fháil ar ár gcairde a thagann ar cuairt go minic, na deilfeanna bholgshrónach.

The view from the Arranmore Ferry of Arranmore Island

Oileán Árainn Mhór ag Owen Clarke

Deilfeanna bholgshrónach ag rás i gcoinne Bhád Farantóireachta Árainn Mhór

Filmed by our Skipper Niall onboard the Ocean Guardian ⚓️

Posted by Arranmore Blue Ferry on Saturday, 25 July 2015

Ár dtreoirlínte

Glac lenár gcomhairle chun turas trasna slán a bhaint amach.

Praghsanna na dTicéad

Praghsanna Bád Farantóireachta Árainn Mhór
Cineál TicéidPraghasPraghas ar line
Clann le Carr (2 dhuine fásta agus 2 pháiste)€45.00€40.50
Carr agus tiomanaí€30.00€27.00
Paisinéir Cos Fásta€15.00€13.50
Praghas do mhic léinn: ID ag teastaíl€10.00€9.00
Praghas do phaiste€7.00€6.30

Tuileadh Eolais

Má tá deacrachtaí ar bith agat, cur glaoch orainn le do thoill:

Glaoigh ar: +353-87-3171810

Mas mian leat ticéad a chur in áirithe ar líne, brú ar an chnaipe thíos le do thoill chun íoc as trí Paypal.

Ticéid ar line