Faoi

Is gnó teaghlaigh é Réalt na Maidne Teoranta, agus tá sé lonnaithe ar Oileán Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall. Tá Clann Uí Bhaoill ag iompar paisinéirí go hÁrainn le breis is cead bliain anuas.

Is é bád farantóireachta Árainn Mhór an t-aon seirbhís farantóireachta atá lonnaithe ar Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall, agus atá faoi stiúir oileánach.

Tá liosta iomlán d’ár bpraghsanna ar fáil thíos. Má chuireann tú ticéad in áirithe ar line gheobhaidh tú lacáiste 10%.

Is féidir glaoch a chur orainn ar an uimhir thuas chomh maith.

Nuair atá tú ag taistil ar Bhád Farantóireachta Árainn Mhór, clóigh leis na treoirlínte atá liostaithe thíos chun turas trasna slán a bhaint amach.

Oileán Árainn Mhór

Is cosúil gurbh é Árainn Mhór ceann de na hoileán Ghaeltachta is insroichte. Tá sé chéad duine ina gcónaí ar Árainn Mhór.

Is féidir ceantar na Rosa a fheiceáil ó bharr an oileáin leis na hoileáin áitiúla agus sléibhte Thír Chonaill mar chúlra. Tabhair cuairt ar thrá Athphoirt nó Trá na Léibe Gairbhe, áit gur féidir leat éalú ó gach rud, leis an mórthír ach cúig nóiméad déag uait.

Tá Árainn mhór suite ar shlí an Atlantaigh Fhiáin, agus is fiú go mór turas go dtí an oileán. Le linn an turais ó Ailt an Chorráin go hÁrainn Mhór, turas a mhaireann 15-20 nóiméad, is féidir súl a leagadh ar réimse leathan fiadhúlra.

Má tá an t-ádh ort, thiocfadh leat spléachadh a fháil ar ár gcairde a thagann ar cuairt go minic, na deilfeanna bholgshrónach.