Ar ais arís

Aip Bhád Farantóireachta Árainn Mhór


Tá lúcháir orainn ár aip shoghluaiste a chur os bhur gcomhair- tá sé ar fáil anois ar iOS, Android agus ar Fire OS. Cuardaigh ‘Arranmore Ferry’ ar shiopa Apple, Google Play nó Amazon agus íoslódáil an aip ar do ghuthán anois! Inis dúinn cad a cheapann tú faoi agus inis do do chairde faoi.
Tuilleadh Eolais
Google Play Store BadgeApple App Store Badge
Google Play Store Badge
Apple App Store Badge
Amazon App Store Badge

Faigh na hamchláir is deanaí seolta díreach chuig do ghuthán.

  • Is iad na hamanna atá scríofa i ngorm na báid atá ag fágáil ó Árainn Mhór.
  • Is iad na hamanna atá scríofa in oráiste na báid atá ag fágáil ó Áilt an Chorráin.
  • Déanann foireann an bháid uasdátú ar na hamchláir agus bíonn na báid sa bhreis agus na báid atá curtha ar ceal ina measc.
  • Oibríonn sé ar line agus as line. (Beidh an tIdirlíon ag teastail don uasdátú is deanaí)
All the latest times of Arranmore Ferry mobile app

Tá gach amchlár ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

  • Dearadh an aip chun feidhmiú i nGaeilge agus i mBéarla.
  • Is féidir gach amchlár a fheiceáil.
  • Nó is féidir an amchlár don mhí a fheiceáil.
  • Má tá deacrachtaí ar bith agat is féidir leat glaoch a chuir orainn nó ríomhphost a sheoladh chugainn díreach ón aip.
All timetables for the Arranmore Ferry are up to date.

Ag pleanáil turais?

  • Is cuma cén áit ar an domhain atá tú, beidh a fhios agat cathain a bheidh an chead bhád eile ag fágáil Árainn Mhór agus Ailt an Chorainn.
  • Is féidir leat an aip a úsáid chun na hamchláir a seiceáil ar an lá atá tú ag taistil
  • Beidh seo suas chun dáta i gcónaí ag foireann an bhád gasta.
  • Is féidir leat am áitiúl Árainn Mhór a fheiceáil fiú.
Arranmore Ferry's date picker functionality

Íoslódáil anois

  • Oibríonn an aip ar gach saghas soghluaiste fhad is atá Android nó Ios air.
  • Íoslódáil, roghnaigh do shocruithe feidhmchlár agus sin é!
  • Seol ríomhphost chugainn le do thuairimí.
  • Cabhraigh linn an focal a scaipeadh faoin aip.
Google Play Store BadgeApple App Store Badge